An Stoirm Bhí fathach feargach, fíochmhar Amuigh go mall aréir, Chuala mé a choiscéim, D’airigh mé a bhéic; 4 Tuargaint ar an bhfuinneog, Búiríl sa simléar, B’shin é glór an fhathaigh A bhí amuigh aréir. 8 Rug sé ar na crainn is Stoith sé iad ó fhréamh, D’ardaigh sé an fharraige Ina tonnta go spéir; 12 Ach bhí mé féin go teolaí Istigh faoin mbog-bhlaincéad, Is níor bhac mé leis an bhfathach A bhí amuigh aréir! 16