Anseo i lár an Ghleanna Bhí an tAifreann léite is gach rud déanta, Bhí pobal Dé ag scaipeadh Nuair chualamar gleo ag teacht 'nár dtreo Anseo i lár an ghleanna. "Cén gleo é siúd ag teacht 'nár dtreo?" "Sin torann cos na gcapall." "Seo chugainn saighdiúirí airm an rí Anseo i lár an ghleanna." Do chas an seanfhear Brian Ó Laoi Is shiúil i dtreo an tsagairt, (This is written in book as "Is shúil i dtreo ag tsagairt,") Is chuir sé cogar ina chluais Anseo i lár an ghleanna. "Ó a Athair Seán, Ó a Athair Seán. Seo chugainn na cótaí dearga; Ní féidir leatsa teitheadh anois Anseo i lár an ghleanna." "Tá tusa óg, a Athair Séan, Táim féin i ndeireadh beatha; Déan malairt éadaigh liom anois Anseo i lár an ghleanna." Do deineadh malairt gan ró-mhoill I gcoinne toil an tsagairt, Is shíl sé deora móra bróin Anseo i lár an ghleanna. Do ghaibh na Sasanaigh Brian Ó Laoi, Is d'imigh saor an sagart; Do chroch siad Brian ar chrann caol ard Anseo i lár an ghleanna. Ach mairfigh cáil an tsean-fhir áigh Fad fhásfaidh féar ar thalamh; Beidh a scéal á ríomh ag fearaibh Fáil, Is anseo i lár an ghleanna.               Seán Mac Fhearais