Anois teacht an Earraigh le Antaine Ó Raifteirí 1784-1835 "Anois teacht an Earraigh 
beidh an lá dúl chun shíneadh, 
Is tar eis na féil Bríde 
ardóigh mé mo sheol.
Go Coillte Mach rachad 
ní stopfaidh me choíche 
Go seasfaidh mé síos 
i lár Chondae Mhaigh Eo." I gClár Chlainne Mhuiris 
A bheas mé an chéad oíche, 
Is I mballa taobh thíos de 
A thosós mé ag ól 
Go Coillte Mách rachad 
Go ndéanfad cuairt mhíosa ann 
I bhfogas dhá mhíle 
Do Bhéal an átha Mhóir. Fágaim le huacht é
go n-éiríonn mo chroí-se 
Mar a éiríonn an ghaoth 
nó mar a scaipeann an ceo 
Nuair a smaoiním ar Cheara
nó ar Ghaileang taobh thíos de 
Ar Sceathach an Mhíle
nó ar phlánaí Mhaigh Eo. Cill Aodáin an baile 
a bhfásann gach ní ann, 
Tá sméara is subh craobh ann 
is meas de gach sórt,
Is dá mbéinnse i mo sheasamh 
i gceartlár mo dhaoine 
D'imeodh an aois díom
is bheinn arís óg. Bíonn cruithneacht is coirce,
fás eorna is lín ann,
Seagal i gcraobh ann, 
arán plúir agus feoil,
Lucht déanta poitín
gan licence á dhíol ann, 
Móruaisle na tíre ann
ag imirt is ag ól. Tá cur agus treabhadh
is leasú gan aoileach
Is iomaí sin ní ann 
nár labhair me go fóill,
áitheanna is muilte
ag obair gan scíth ann, 
Deamhan caint ar phingin cíosa 
ná dada dá shórt.